| Machine Nation Irish Politics Forum - Politics Technology Economics in Ireland - A Look Under The Nation's Bonnet
Devilish machinations come to naught --Milton |
|
| Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae | |
| | Author | Message |
---|
Guest Guest
| Subject: Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae Tue Jun 17, 2008 3:06 pm | |
| Fógraíodh go dtabharfaí sé mhilliún (díreach ó Londain) do Chiste Craoltóireachta/Scannánaíochta thar dhá bhliain cé gur dhiúltaigh an t-iar-Aire , Edwin Putz , aon airgead sa bhreis a thabhairt. Ag cur fáilte roimh an chinneadh, dúirt Gerry Adams nach bagairt an teanga d'éinne. An é seo forbairt tábhachtach nó 'duilliúr fige' , mar a dúirt Nelson Mc Causland, de thoradh nach bhfuil Acht na Gaeilge le cur i bhfeidhm? Bhí díospóireacht faoi anseoTalk Back 17/06/08 don chéad fiche nóiméad |
| | | Guest Guest
| Subject: Re: Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae Wed Jun 18, 2008 8:49 pm | |
| Chuala mé píosa an chlár. tá sé go deas go gheofar an t-airgead. n'fheadar an bhfuil 'duilliúr fige' i gceist... is cuma liom fé láthair i ndáiríre, mar ceapaim gur maith é an t-airgead seo - agus ní stadfaidh sé an gluaiseacht chun acht Gaeilge a fháil... bhuel measaim-se... Do bheadh sé níos fearr dá dtiocfadh cúpla duilliúr fhige eile den chéad uair, agus ansin an t-acht |
| | | Guest Guest
| Subject: Re: Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae Wed Jun 18, 2008 10:21 pm | |
| - BuachaillBeo wrote:
- Chuala mé píosa an chlár. tá sé go deas go gheofar an t-airgead. n'fheadar an bhfuil 'duilliúr fige' i gceist... is cuma liom fé láthair i ndáiríre, mar ceapaim gur maith é an t-airgead seo - agus ní stadfaidh sé an gluaiseacht chun acht Gaeilge a fháil... bhuel measaim-se... Do bheadh sé níos fearr dá dtiocfadh cúpla duilliúr fhige eile den chéad uair, agus ansin an t-acht
Bhí sé soiléir go n-ionsódh Mc Causland agus a leithéid an ciste seo ar son a gcuid vótaí agus sásamh a thabhairt dá dubh-lucht leanúna. Go díreach, níl an rás rite i dtaca leis an acht ach choimeád mé an cheist chomh hoscailte agus a bhí mé in ann. Ar eagla na heagla go léifeadh frithghaeilgeoir an toipic seo? Gregory? An bhfuil tú ann? |
| | | Guest Guest
| Subject: Re: Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae Thu Jun 19, 2008 9:50 pm | |
| - SeathrúnCeitinn wrote:
- Ar eagla na heagla go léifeadh frithghaeilgeoir an toipic seo? Gregory? An bhfuil tú ann?
Táimid ceart go leor, is gné deas é sin ag baint leis na teanga - ní minic go mbíonn Gregory ag dul timpeall áite cosúil leis seo.. ach ba chóir dúinn a bheith cúramach ar aon nós, is dócha agus ar an dtaobh eile, ní mór dom imeacht anois is a bheith ag éisteach leis an ndream ullans.... ní féidir leo a rúin a choimeád uaim, mwa-há-há! aon rudaí díreacha a bhfuil ceangal leo agus an deontas go fóill? |
| | | Guest Guest
| Subject: Re: Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae Thu Jun 19, 2008 10:08 pm | |
| - BuachaillBeo wrote:
- SeathrúnCeitinn wrote:
- Ar eagla na heagla go léifeadh frithghaeilgeoir an toipic seo? Gregory? An bhfuil tú ann?
Táimid ceart go leor, is gné deas é sin ag baint leis na teanga - ní minic go mbíonn Gregory ag dul timpeall áite cosúil leis seo.. ach ba chóir dúinn a bheith cúramach ar aon nós, is dócha agus ar an dtaobh eile, ní mór dom imeacht anois is a bheith ag éisteach leis an ndream ullans.... ní féidir leo a rúin a choimeád uaim, mwa-há-há!
aon rudaí díreacha a bhfuil ceangal leo agus an deontas go fóill? Rinneadh cainteoir trí theanga díom ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.......teanga eile tuillte thar oíche....... Too Boo was camin frae Raloo, Tha day he hit Mc Cammit's soo, Hit her clean atween the 'een, Tha nicest clout ye ere seen |
| | | Sponsored content
| Subject: Re: Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae | |
| |
| | | | Ciste Craoltóireachta - 6 mhiliún do na sé chontae | |
|
| Permissions in this forum: | You cannot reply to topics in this forum
| |
| |
| |
|