Machine Nation
Would you like to react to this message? Create an account in a few clicks or log in to continue.
Machine Nation

Irish Politics Forum - Politics Technology Economics in Ireland - A Look Under The Nation's Bonnet


Devilish machinations come to naught --Milton
 
PortalPortal  HomeHome  SearchSearch  Latest imagesLatest images  RegisterRegister  Log in  GalleryGallery  MACHINENATION.org  

 

 Alt le plé - Gluais ag an bun - Léigh agus Tabhair do thuairimí

Go down 
AuthorMessage
Guest
Guest




Alt le plé - Gluais ag an bun - Léigh agus Tabhair do thuairimí Empty
PostSubject: Alt le plé - Gluais ag an bun - Léigh agus Tabhair do thuairimí   Alt le plé - Gluais ag an bun - Léigh agus Tabhair do thuairimí EmptyWed Mar 26, 2008 5:51 pm

Tionchar uafásach an athrú aeráide ar mhuintir na tuaithe in El Salvador

Óige
Le Robert McMillen
19/03/08
Alt le plé - Gluais ag an bun - Léigh agus Tabhair do thuairimí Irish1
DISASTER:
Flooded maize fields and destroyed crops in El Presidio Lib­erado in El
Salvador. Trocaire is battling the humanitarian consequences of climate
change here and in other countries throughout the world.


An
dara seachtain de Dheireadh Fómhair atá againn agus muid in El
Salvador. Tá pobal El Presidio Liberado (An Príosún Saortha), atá
lonnaithe ar bhruacha Abhainn an Lempa, ag breathnú amach ar an
bháisteach dhuartanach agus brón ina gcroíthe.

Taispeánann Avela Martinez de Valques, ball de choiste éigeandála an phobail, na garraithe grán buí báite, lánbarraí millte.

“D’éirigh
na tuilte níos measa le roinnt blianta anuas,” a deir sí. “Bíonn
báisteach níos troime agus níos láidre anois againn a thiteann laistigh
d'achar níos gaire.'

Tá cónaí ar na mílte duine le cois an
Lempa, an abhainn is faide in El Salvador, agus braitheann a bhformhór
acu ar ghrán buí lena dteaghlaigh a bheathú. San am a caitheadh, thóg
an rialtas díoga draenála agus rinne said cothabháil orthu chun
plandálacha cadáis na dtiarnaí talún saibhre a chosaint. Dúnadh na
plandálacha seo de bharr laghdú sa mhargadh cadáis, costais ag ardú
agus an cogadh in El Salvador.

Ó shin i leith tá droch-chuma
tagtha ar na córais draenála agus mar gheall air sin bíonn drochthuilte
ann linn shéasúr na báistí, séasúr atá ag éirí níos deacra a dhéanamh
amach agus a thuar.

Nuair a bhíonn an aeráid thar a bheith
athraitheach, le linn stoirmeacha trópaiceacha nó hairicíní mar
shampla, tuileann an Lempa agus déantar damáiste ollmhór dá bharr agus
cuirtear beatha na ndaoine atá ina gcónaí thart timpeall i mbaol mór.

“Le
linn Hairicín Stan, i Mí Dheireadh Fómhair 2005, dúradh linn ár dtithe
a fhágáil. Thóg an truc ár gcuid páistí chuig an bhfoscadán stoirme atá
cúpla ciliméadar as seo ach ní raibh an truc in ann teacht ar ais dom
féin agus m’fhear chéile,” a deir Avela. “Bhíomar sáinnithe sa teach ar
feadh thrí lá agus uisce suas chomh fada le mo mhuineál in amanna.
“Chailleamar na barraí ar fad ach ag an am céanna bhí an t-ádh linn.
Fuair daoine bás an t-am sin mar nach raibh siad in ann a mbealach a
dhéanamh chuig an fhoscadán. Sin nó ní raibh siad sásta a dtithe a
fhágáil.” Agus Avela ag críochnú an scéil seo, tá sé íorónta go dtéann
truc éigeandála tharainn ag fógairt ar chách go bhfuil bruacha na
habhann i mbaol pléascadh agus gur cheart do mhuintir an cheantair an
áit a fhágáil.

Tá scéalta den chineál chéanna le cluinstin ar
fud El Salvador. Níl ach dhá shéasúr sa tír - séasúr na báistí agus an
tséasúr tirim. Is amhlaidh go mbíonn an iomarca báistí nó a mhalairt
agus nach mbíonn a dhóthain ann.

Is gnáthrud é an t-athrú
aeráide do na daoine seo. B’fhéidir nach dtuigeann siad cén fáth a
bhfuil an aeráid ag athrú ach go bhfuil a fhios acu go bhfuil sé ag
tarlú. Tosaíonn sé ag báisteach deireanach nó tosaíonn sé agus stopann
sé gan aon choinne. Glanann na tuilte síolta agus barraí le sruth.
Bíonn tionchar uafásach aige seo ar fheirmeoirí a bhíodh in ann a gcuid
barraí a chur gan aon fhadhb leis na blianta.

Ní féidir a rá go
cinnte an mbeidh bia ann do theaghlaigh agus tarlaíonn sé anois go
mbíonn ocras ar dhaoine ar feadh roinnt míonna den bhliain. Nuair a
mhilltear barraí bíonn ar fheirmeoirí a gcuid maoine nó beithíoch
luachmhar a dhíol chun tuilleadh síolta a cheannach agus dul sa seans
iad a chur arís, rud a choinníonn timthriall an bhochtanais ag imeacht
leis go síoraí.

I mbliana tá feachtas Carghais Thrócaire ag díriú ar bhealaí le déileáil le hathrú aeráide i dtíortha atá i mbéal forbartha.


sé soiléir anois ó obair na gníomhaireachta sna tíortha i mbéal
forbartha gurb iad na daoine is lú a chuir leis an ngéarchéim atá ann
de bharr athrú aeráide is mó atá ag fulaingt.

Tá Trócaire is a
pháirtithe, ag cur maoiniú ar fáil do chláir chun bainistíocht a
dhéanamh ar bhaol tubaistí, chomh maith le scéimeanna uisciúcháin agus
teicnící nuálaíocha feirmeoireachta, éagsúlú barraí agus tionscadail
chun an timpeallacht a chosaint i go leor tíortha i mbéal forbartha.


feachtas Carghais na bliana seo ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann
tacaíocht a thabhairt do na daoine is boichte ar domhan agus iad ag
iarraidh déileáil le hathrú aeráide. Mar chuid den fheachtas tá
Trócaire ag iarraidh ar rialtais na hÉireann agus na Breataine níos mó
maoinithe a ghealladh do thíortha atá ag streachailt le hathrú aeráide.


Le tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas agus faoi obair
Thrócaire féach ar www.trocaire.org/lent nó glaoigh ar Saorghlao 0800
912 1200.



duartanach - torrential
le cluinstin (le cloisteáil) - to hear
éigeandáil - emergency
a gcuid maoine - their property
na garraithe grán - small grain fields
feachtas - campaign
tuilte - floods
i mbéal forbartha. - developing
cothabháil - sustenance
géarchéim - crisis
plandálacha cadáis - cotton plants
ag cur maoiniú - financing
hairicíní - hurricanes
scéimeanna uisciúcháin - water schemes
foscadán - shelter
sáinnithe - trapped/cornered
íorónta - ironic
síolta agus barraí - seeds and crops

Seo sampla- here is a reasonably non-taxing article for your delictation. Feel free to voice your opinions as Gaeilge. Is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste
Back to top Go down
 
Alt le plé - Gluais ag an bun - Léigh agus Tabhair do thuairimí
Back to top 
Page 1 of 1
 Similar topics
-
» Gramadach - A Dhia Tabhair Neart Dom!
» Picture practice

Permissions in this forum:You cannot reply to topics in this forum
Machine Nation  :: Fóram na Gaeilge :: An Béal Bocht-
Jump to: