Machine Nation
Would you like to react to this message? Create an account in a few clicks or log in to continue.
Machine Nation

Irish Politics Forum - Politics Technology Economics in Ireland - A Look Under The Nation's Bonnet


Devilish machinations come to naught --Milton
 
PortalPortal  HomeHome  SearchSearch  Latest imagesLatest images  RegisterRegister  Log in  GalleryGallery  MACHINENATION.org  

 

 An nuaChaighdeán

Go down 
AuthorMessage
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 2:21 pm

Cuirfear athrú ar an gCaighdeán Oifigiúil i mbliana de réir an phlean.

Cad a mbeidh i ndán dúinn leis, dar libh?... an bhfuil sibh sásta le leagan nua ag teacht amach, nó ar fhearr libh é a choimeád mar an leagan '58? nó gan leagan ar bith!?

Ceapaim go bhfuil an smoineamh go maith - ach ba chóir dúinn canúint na Mumhan a úsáid mar an CO.
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 4:32 pm

Níl fonn orm cogadh na gcanúintí a thos(n)ú ach cén fáth canúint na Mumhan? Aon ghné de a thugann buntáiste dúinn thar aon chanúint eile
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 10:18 pm

Ba chóir go mbeadh foghraíocht na nUltach is na gConnachtach, is grammadach na Muimhneach mar mhúnla don chaighdeán.
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 10:20 pm

Quote :
Cad a mbeidh i ndán dúinn leis, dar libh?... an bhfuil sibh sásta le leagan nua ag teacht amach, nó ar fhearr libh é a choimeád mar an leagan '58? nó gan leagan ar bith!?

Ba mhaith liomsa foclóir maith Gaeilge-Béarla/Béarla-Gaeilge. An mbeidh ceann foilsithe tar éis an obair?
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 10:41 pm

Níl tú sásta leis an ngúm a Khate?
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 11:12 pm

Cén aois an ceann is déanaí/nua (most recent?)?

Ba mhaith liomsa doorstopper mór cosúil leis an Duden ghearmánach atá agam (agus b'fheidir go bhfuil ceann nua le cheannach agam anois!) agus an foclóir nua-aimsire inti.
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 11:13 pm

Kate P wrote:
Cén aois an ceann is déanaí/nua (most recent?)?

Ba mhaith liomsa doorstopper mór cosúil leis an Duden ghearmánach atá agam (agus b'fheidir go bhfuil ceann nua le cheannach agam anois!) agus an foclóir nua-aimsire inti.

De bhaldraithe is Ó Dónaill atá uait mar sin. Tá ó dónaill níos nua-aimseartha, ach fós tá sé 30 bliain d'aois.
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 11:21 pm

Quote :
De bhaldraithe is Ó Dónaill atá uait mar sin. Tá ó dónaill níos nua-aimseartha, ach fós tá sé 30 bliain d'aois.

lol! really. I did.

Conas is féidir le duine bheith éifeachtach sa teanga gan foclóir réasúnta nua-aimsirthe?
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyTue Mar 18, 2008 11:46 pm

Kate P wrote:
Quote :
De bhaldraithe is Ó Dónaill atá uait mar sin. Tá ó dónaill níos nua-aimseartha, ach fós tá sé 30 bliain d'aois.

lol! really. I did.

Conas is féidir le duine bheith éifeachtach sa teanga gan foclóir réasúnta nua-aimsirthe?

Rely on the internet for now, with focal.ie and www.irishenglishdictionary.com. De Bhaldraithe and Ó Dónaill will give you a great grasp though, have the fun is realising the meanings of english words today have changed so much over the past half century.
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyWed Mar 19, 2008 2:15 am

SeathrúnCeitinn wrote:
ach cén fáth canúint na Mumhan?
ní rabhas ach ag magadh i ndáiríre, ach ba é an cás dá mbeadh an rogha agam is dócha! Razz

Quote :
cogadh na gcanúintí a thos(n)ú
do bhís an(a)-t(h)aidhleoireachta ansiúd Smile Wink
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyWed Mar 19, 2008 2:16 am

riadach wrote:
Ba chóir go mbeadh foghraíocht na nUltach is na gConnachtach, is grammadach na Muimhneach mar mhúnla don chaighdeán.

aththionscnamh na bhfoirmeacha táite go léir, sílim pirat
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyWed Mar 19, 2008 2:25 am

BuachaillBeo wrote:
riadach wrote:
Ba chóir go mbeadh foghraíocht na nUltach is na gConnachtach, is grammadach na Muimhneach mar mhúnla don chaighdeán.

aththionscnamh na bhfoirmeacha táite go léir, sílim pirat

Ambaiste.
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyWed Mar 19, 2008 3:19 am

Ní bhagraíonn comhaontú canúint ar bith.

Cé gur fhoghlaim mé gramadach i measc na gConallach múinim na briathra díreach mar atá i mBriathra na Gaeilge. Ní chloistear '-amar' don tríú pearsa uimhir iolra san aimsir chaite i gCúige Uladh.

Achmhainn den chéad scoth atá i mBriathra na Gaeilge dar liom. Agus le hathruithe beaga - bunchloch don chaighdeán. Nach bhfuil an fhoirm scartha níos éasca le foghlaim ná foirm táite?
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyWed Mar 19, 2008 7:31 pm

SeathrúnCeitinn wrote:
Ní chloistear '-amar' don tríú pearsa uimhir iolra san aimsir chaite i gCúige Uladh.
Ceapaim go mbeidh sé mar 'muid' ins an chaighdeán nua...
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/viewpost.514387.html#514387

Quote :
Nach bhfuil an fhoirm scartha níos éasca le foghlaim ná foirm táite?
ah is cinnte go bhfuil..... do dheinfí damáiste ar an dteanga dá ndeinfí an foirm táite mar an fhoirm chaighdeáin i mo thuairim (agus ní tharlóidh sé chóiche)... muna bhfuil an fhoirm scartha á úsáid ins an chéad uair, áfach, measaim go mbeadh sé go huafásach dá gcuiridís sinn in aithne orthu.. mar shampla 'bheadh mé' nó 'bhíodh mé' srl (níl siad ann an bhfuil?) mar an chaighdeán... ach is dóigh liom ná tarlóidh sé
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyWed Mar 19, 2008 7:45 pm

Tuigim go hiomlán cad atá i gceist agat. Níl sé deacair na foirmeacha a lua má bhuaileann leo i bpíosa léitheoireachta ach caithfidh na foirmeacha bunúsacha caighdeánacha a bheith soiléír ón gcéad dhul síos.

Déanaim mo sheacht ndícheall 'déanamh' a rá mar 'déanuv' in áit 'deanú' cé go raibh 'deanú' fuaimnithe agam ón aos an-óg. Déanaim an rud céanna le 'Ní raibh'. In áit 'cha raibh' deirim 'ní rev'

Seo iarracht bheag chun lárbhóthair a bhualadh amach. Ach bíonn daoine ceanndana in aon teanga
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptySat Mar 22, 2008 1:37 am

SeathrúnCeitinn wrote:
Déanaim mo sheacht ndícheall 'déanamh' a rá mar 'déanuv' in áit 'deanú' cé go raibh 'deanú' fuaimnithe agam ón aos an-óg. Déanaim an rud céanna le 'Ní raibh'. In áit 'cha raibh' deirim 'ní rev'

Seo iarracht bheag chun lárbhóthair a bhualadh amach. Ach bíonn daoine ceanndana in aon teanga

is cinnte go mbíonn
tá grá agam don bhfoirmeacha táite is gnéithe na canúna agus ceapaim go ndeinfead gach iarracht iad a úsáid chomh minic agus is féidir.. ach, gan amhras, má táim ag caint le té agus iad gan Ghaeilge chomh maith liom (An rud is annamh, is iontach is dócha! Laughing) úsáidfead na foirmeacha scartha mar is fearr an rud é nuair a mbíonn daoine in ann an Ghaeilge féin a thuiscint agus tugann sé sin spreagadh agus misneach dóibh, im thuairim ar aon chaoi
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptySat Mar 22, 2008 2:01 am

An bhfuil a fhios agat cén uair a bhfuil aon leabhar gramadach caighdeánach nua ag teacht amach de thoradh na treoirlínte a tháinig ón mBruiséal faoi easpa eagráin oifigiúil ón Rialtas?

An bhfuil spriocdáta don fhoclóir nua?

An féidir tuairimí a thabhairt ar aon ghné éagsúil? ar an idirlíon?
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptySat Mar 22, 2008 7:46 pm

N'fheadar ar bith.... ach ba mhaith liom té le eolas anso freisin....

*tumbilwíd*
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptyWed Jun 11, 2008 11:15 pm

An gcuala éinne faic faoi le déanaí? ní chualas.. ná raibh ach scanrú ann?
Back to top Go down
Guest
Guest




An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán EmptySat Jun 14, 2008 3:13 am

BuachaillBeo wrote:
An gcuala éinne faic faoi le déanaí? ní chualas.. ná raibh ach scanrú ann?

Is fásach eolais amuigh ansin nach bhfuil?
Back to top Go down
Sponsored content





An nuaChaighdeán Empty
PostSubject: Re: An nuaChaighdeán   An nuaChaighdeán Empty

Back to top Go down
 
An nuaChaighdeán
Back to top 
Page 1 of 1

Permissions in this forum:You cannot reply to topics in this forum
Machine Nation  :: Fóram na Gaeilge :: An Béal Bocht-
Jump to: