Machine Nation
Would you like to react to this message? Create an account in a few clicks or log in to continue.
Machine Nation

Irish Politics Forum - Politics Technology Economics in Ireland - A Look Under The Nation's Bonnet


Devilish machinations come to naught --Milton
 
PortalPortal  HomeHome  SearchSearch  Latest imagesLatest images  RegisterRegister  Log in  GalleryGallery  MACHINENATION.org  

 

 Na Gaelscoileanna

Go down 
AuthorMessage
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 3:37 pm

Ta an díospóireacht seo ar siúil thall ar P.ie ach céard a ceapann muide? Deirtear go bhfuil éileamh mór do gaelscoileanna toisc go bhfuil íomha acu de easpa eachtrannaigh, grádaí maith agus ranganna beag. Deirtear go bhfuil siad lán le scolairí saibhir.

Ní aontaím go bhfuil siad lán le daoine saibhir. Ach is féidir leat rá nach bhfuil a leithid eachtrannaigh acu. Cosúil leis na scoileanna Caitliceach, tá dualgás acu do coincheap soléir i.e. an teanga. Rohnaíonn na scoileanna Caitliceach scoláiri le teastas baisteadh. Leis an méid iarratasóirí ata acu caitheadh na gaelscoileanna an rud ceanna a dhéanamh: positive discrimination mar a chuirtear air. Roghnaíonn siad páistí leis an potential is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim, labhairt agus scaipeadh. Ciallaíonn se seo páistí Éireannach.

Bhí sé conspóid mór leis na scoileanna Caitliceach ach tá ionadh orm nach raibh an béim céanna ar gaelscoileanna. B'fheidir go bhfuil mé mícheart faoin rud ar fad?
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 4:15 pm

Quote :
Roghnaíonn siad páistí leis an potential is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim, labhairt agus scaipeadh.

Seans go bhfuil sé sin fíor nuair a thiocfas muid go dtí an dara leibhéal, ach ní dóigh liom go bhfuil dúnghaois den saghas sin i bhfeidhm sa bhunleibhéal, nó an ea go bhfuil tú á mholadh?

Más ea, conas ach mheasfar cé acu duine a bhfuil an tualang is fearr iontu? An dóch úla, ar bonn praicticiúil réalaíoch, go mbeidh paiste le tuistí gan ghaeilge ach geal, níos fearr ag tabhairt uathu na Gaeilge, ná tuistí gan ghaeilge ach gorm? Nach fearr i bhfad tuistí a bhfuil cumas foghlamtha teanga acu, agus an dóchúla gur eachtrannach a bheas i gceist ansin, is ní Éireannach?
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 4:38 pm

Bhí mé ag smaoineamh ar bunscoileanna.

Ceapaim go bhfuil grád de shaghas éigin ann. Ar barr an grád tá na páistí le gaeilge, ansin páistí le tuismitheoirí ata líofa. Ansin bíodh an gnáth Éireannach leis na cuplá focail agus an bagáiste (pró-Gaeilge)a luann Des Bishop. An bhfuil an méid céanna tuiscint ag eachtrannaigh, de dath ar bith, ar stair agus stádas an teanga?

Now, tá difríocht idir an tuiscint/bagáiste sin agus an teanga é féin. D'fhéadfadh rá go bhfuil i bhfad níos mó suim ag gaelscoileanna sa teanga agus go bhfuil siad ag iarradh dearmad a dhéamnamh ar an stair etc. Más é seo an cás, cinnte tá seans go mbíodh scolairí eachtrannach ar barr an grád. Ach an bhfuil an dearcadh sin acu?
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 5:12 pm

threadí ar p.ie = caic
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 5:15 pm

lostexpectation wrote:
threadí ar p.ie = caic
Well, seá... ach fós is ceist maith é.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 5:16 pm

905 wrote:
Bhí mé ag smaoineamh ar bunscoileanna.

Ceapaim go bhfuil grád de shaghas éigin ann. Ar barr an grád tá na páistí le gaeilge, ansin páistí le tuismitheoirí ata líofa. Ansin bíodh an gnáth Éireannach leis na cuplá focail agus an bagáiste (pró-Gaeilge)a luann Des Bishop.

Níor chuala mé riamh trácht ar a leithéid de chóras. Más ann dó, fós ní deirfinn gur fearr chun gaeilge páiste a bhfuil tuistí ar beagán gaeilge acu, ná páiste a bhfuil tuistí gan ghaeilge.

Quote :

An bhfuil an méid céanna tuiscint ag eachtrannaigh, de dath ar bith, ar stair agus stádas an teanga?

An gá go mbeadh chun do pháiste a sheoladh ar ghaelscoil?

Quote :

Now, tá difríocht idir an tuiscint/bagáiste sin agus an teanga é féin. D'fhéadfadh rá go bhfuil i bhfad níos mó suim ag gaelscoileanna sa teanga agus go bhfuil siad ag iarradh dearmad a dhéamnamh ar an stair etc. Más é seo an cás, cinnte tá seans go mbíodh scolairí eachtrannach ar barr an grád. Ach an bhfuil an dearcadh sin acu?

Cén fáth gur trom leat an stair seo? An dóigh leat go bhfuil sí riachtanach d'oideachas teangan?
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 5:33 pm

Níl mé ag rá go bhfuil grád scríobhtha amach acu. Ach caithfidh siad rogha a dhéanamh agus daoine a phiocadh amach. Ní lotto é.

Má tá suim ag na tuismitheoirí, ceapaim go bhfuil seans níos fearr ag an paiste an teanga a fhoghlaim. Níl me ag rá go bhfuil sé riachtannach chun an tanga a fhoghlaim, ach tá na scoileanna seo ag déanamh rogha idir paiste A agus paiste B. Ta suim ag teaghlach paiste A i stair agus idé-eolaíocht an teanga, níl ag teaghlach paiste B. Cén ceann a bhíodh níos fearr ag Gaeilge?
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyWed May 21, 2008 5:52 pm

905 wrote:
Níl mé ag rá go bhfuil grád scríobhtha amach acu. Ach caithfidh siad rogha a dhéanamh agus daoine a phiocadh amach. Ní lotto é.

Déanta na fírinne, is lotto é. Ní thig le scoileanna a bheith chomh roghnach i dtaobh cumas a ndaltaí.

Quote :

Má tá suim ag na tuismitheoirí, ceapaim go bhfuil seans níos fearr ag an paiste an teanga a fhoghlaim. Níl me ag rá go bhfuil sé riachtannach chun an tanga a fhoghlaim, ach tá na scoileanna seo ag déanamh rogha idir paiste A agus paiste B. Ta suim ag teaghlach paiste A i stair agus idé-eolaíocht an teanga, níl ag teaghlach paiste B. Cén ceann a bhíodh níos fearr ag Gaeilge?

Ach tá rudaí eile a shocródh sin leis, cad chuige nach gcuirtear sin san áireamh? Leis sin, cad mar gheall ar dhaltaí ina bhfásann faltanas don teanga, de bharr díograise a dtuistí ina leith? Nílim ag rá gur chóir na rudaí seo uilig a chur san áireamh, ach ag rá nár chóir rud ar bith a chur san áireamh, is sílim go bhfuil an córas oideachais ar aon intinn liom.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 12:09 pm

riadach wrote:

Déanta na fírinne, is lotto é. Ní thig le scoileanna a bheith chomh roghnach i dtaobh cumas a ndaltaí.
Cén fáth? Is é an teanga príomhchúis an gaelscoil. Caithfidh siad daltaí a roghnú leis sin i meabhair.

Riadach wrote:
Ach tá rudaí eile a shocródh sin leis, cad chuige nach gcuirtear sin san áireamh?
Ar nós?

Riadach wrote:
Leis sin, cad mar gheall ar dhaltaí ina bhfásann faltanas don teanga, de bharr díograise a dtuistí ina leith? Nílim ag rá gur chóir na rudaí seo uilig a chur san áireamh, ach ag rá nár chóir rud ar bith a chur san áireamh, is sílim go bhfuil an córas oideachais ar aon intinn liom.
Sin an rud, is poisoned chalice é oidhreacht an teanga. Tá gach seans ann go bhfuil scoileanna ag díriú ar an teanga amháin agus ag tabhairt néamgaird ar an baggage. Níl a fhios agam.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 4:30 pm

905 wrote:
Cén fáth? Is é an teanga príomhchúis an gaelscoil. Caithfidh siad daltaí a roghnú leis sin i meabhair.

De bharr go gcruthaíonn sé aicmeachas. D'fhéadfá a mhaíomh mar shampla, gur mó seans go mbeadh duine ón meánaicme ina ghaeilgeoir, ná duine ón ísealaicme, agus staisticí a lua chun sin a chruthú.

Quote :

Riadach wrote:
Ach tá rudaí eile a shocródh sin leis, cad chuige nach gcuirtear sin san áireamh?
Ar nós?

Ar nós na gceann a luaigh mé.

Quote :

Sin an rud, is poisoned chalice é oidhreacht an teanga. Tá gach seans ann go bhfuil scoileanna ag díriú ar an teanga amháin agus ag tabhairt néamgaird ar an baggage. Níl a fhios agam.

Ní dóigh liom go bhfreagraíonn sé sin an pointe.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 4:49 pm

An bhfuil teangmhail idir aicmeachas agus an teanga? Deirtear go bhfuil gaeilgeoirí upwardly mobile ach is rud eile e sin. Ní cheapaim go bhfuil aicmeachas i gceist ach tá seans go bhfuil scothroghnachas teangeolaíoch le feiceáil.

Riadach wrote:
905 wrote:
Riadach wrote:
Leis sin, cad mar gheall ar dhaltaí ina bhfásann faltanas don teanga, de bharr díograise a dtuistí ina leith? Nílim ag rá gur chóir na rudaí seo uilig a chur san áireamh, ach ag rá nár chóir rud ar bith a chur san áireamh, is sílim go bhfuil an córas oideachais ar aon intinn liom.
Sin an rud, is poisoned chalice é oidhreacht an teanga. Tá gach seans ann go bhfuil scoileanna ag díriú ar an teanga amháin agus ag tabhairt néamgaird ar an baggage. Níl a fhios agam.
Ní dóigh liom go bhfreagraíonn sé sin an pointe.
Mad Céard atá uait, tá mé ag rá nach bhfuil fhios agam!
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 4:55 pm

905 wrote:
An bhfuil teangmhail idir aicmeachas agus an teanga? Deirtear go bhfuil gaeilgeoirí upwardly mobile ach is rud eile e sin. Ní cheapaim go bhfuil aicmeachas i gceist ach tá seans go bhfuil scothroghnachas teangeolaíoch le feiceáil.

Dúirt tú go bhféadfaí diultú do inimircigh ós rud é nach raibh timpeallacht sa bhaile a bheadh fabhrúil do shealbhú na teanga Gaeilge. D'fhéadfá, ar an mbonn sin, a rá gur féidir diultú do dhaoine ón aicme oibre, ós rud é nach bhfuill a dtimpeallacht bhaile chomh hoiriúnach do shealbhú teanga is atá timpeallacht bhaile an mheánaicme. Nílim ag rá go bhfuil aicmeachas i gceist, ach, ón sampla thuas, d'fhéadfadh sin tarlú.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 5:04 pm

Tá sé sin seafóideach. Léigh na daoine seo The Pope's Children freisin agus ní raibh siad sásta leis an dearcadh ann. Ceapaim go bíodh sé níos deacair ar paistí le airgead áit a fháil mar gheall ar an dearcadh a sheol McWilliams. Ma tá an dearcadh seo coitianta, beidh fadhb ag na scoileanna na tuismitheoirí a bhfuil sium acu in íomha nó grádanna a phioc amach ó na 'fíor-gaeilgeoirí'.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 5:08 pm

905 wrote:
Tá sé sin seafóideach. Léigh na daoine seo The Pope's Children freisin agus ní raibh siad sásta leis an dearcadh ann. Ceapaim go bíodh sé níos deacair ar paistí le airgead áit a fháil mar gheall ar an dearcadh a sheol McWilliams. Ma tá an dearcadh seo coitianta, beidh fadhb ag na scoileanna na tuismitheoirí a bhfuil sium acu in íomha nó grádanna a phioc amach ó na 'fíor-gaeilgeoirí'.

Ní hé sin an rud a bhí mé ag iarraidh cur in iúl duit, áfach. Bhí mé ag iarraidh a a chur ina luí ort an fhadhb a d'fhéadfadh roghnachas den saghas sin (.i. bunaithe ar thimpeallacht bhaile, is ní ar an indibhidiúil féin) a chothú. Tá sé miphraicticiúil agus contúirteach.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 5:30 pm

Ceart go leor, ach caithfidh siad roghnachas de saghas eigin a dhéanamh, díreach ar nós na scoileanna Caitliceach. Léigh mé MA antraipeolaíoch ar gaelscoileanna a bhí ag rá go raibh roghnachas ar siúil, bunaither ar an "percieved obligation to the founding principle".
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 5:36 pm

905 wrote:
Ceart go leor, ach caithfidh siad roghnachas de saghas eigin a dhéanamh, díreach ar nós na scoileanna Caitliceach. Léigh mé MA antraipeolaíoch ar gaelscoileanna a bhí ag rá go raibh roghnachas ar siúil, bunaither ar an "percieved obligation to the founding principle".

Cén chritéir a bhí i gceist? Glacaim leis go mbeidh siad ag iarraidh go mbeadh 10% dá ndaltaí ag labhairt Gaeilge sa bhaile, ach an bhfuil aon leid ann go ndeachadar thairis sin, go dtí an chéim a luaigh tusa mar shampla?
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 7:42 pm

Riadach wrote:
Cén chritéir a bhí i gceist? Glacaim leis go mbeidh siad ag iarraidh go mbeadh 10% dá ndaltaí ag labhairt Gaeilge sa bhaile, ach an bhfuil aon leid ann go ndeachadar thairis sin, go dtí an chéim a luaigh tusa mar shampla?
Fuair me an MA sin. Tá quote ann:
Quote :
Bunadh an scoil seo, nílim cinnte faoi scoileanna eile, bunadh é le freastal ar lucht na Gaeilge. Sin an fáth a bunaíodh sa chéad áit agus tá muid dílis don aidhm sin
Níos fada siar sa rud, tá cur síos de tuismitheoirí na daltaí. Now, ní roghnaíonn siad paistí le tuismitheoirí a labhraíonn Gaeilge amháin. Ach tá brú, nó dualgas fiú, ar na tuismitheoirí Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt os comhair na paistí. Sliocht eile:
Quote :
It was not unusual for the teachers to discuss pupil's progress in school with reference to their parents behaviours, attitudes and even professional circumstances
So ta an-bhéim ar na tuismitheoirí. An aidhm ata acu ná pobail de gaeilgeoirí a chruthú. Dár leis na muinteoirí, labhraíonn 30% de na páistí Gaeilge sa bhaile.


Last edited by 905 on Thu May 22, 2008 8:25 pm; edited 1 time in total
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 8:05 pm

An dóchúla ná a mhalairt, ag smaoineamh ar laghad na Gaeilge atá ag roinnt de na tuismitheoiri, go mbeadh timpeallacht níos láidre do Ghaeilge i dteach Éireannach i gcomparáid le teach Eachtrannach? Ní rud é seo a bheadh in ann eachtrannaigh a choinneáil ó dhoras, is níor cheart go ndéanfadh sé sin ach an oiread.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna EmptyThu May 22, 2008 8:43 pm

Is docha go bhfuil an ceart agat... b'fheidir. Is ea aidhm na scoileanna pobail 'Gaelach' a chruthú, saghas gaeltacht beag. An bhíodh suim ag Eachtrannach sa choincheap sin? Táimid (bhuel, tá mise) arais go oidhreacht agus bagaiste arís. Ceapaim nach mbíodh a leithid suim ag Eachtannach sa tionscnamh seo.

Now, tá suim acu, iontach. Breathnaíonn sé maith nuair atá éagsúlacht ar siúl.
Back to top Go down
Sponsored content





Na Gaelscoileanna Empty
PostSubject: Re: Na Gaelscoileanna   Na Gaelscoileanna Empty

Back to top Go down
 
Na Gaelscoileanna
Back to top 
Page 1 of 1

Permissions in this forum:You cannot reply to topics in this forum
Machine Nation  :: Fóram na Gaeilge :: Agallamh na Seanórach-
Jump to: