Machine Nation
Would you like to react to this message? Create an account in a few clicks or log in to continue.
Machine Nation

Irish Politics Forum - Politics Technology Economics in Ireland - A Look Under The Nation's Bonnet


Devilish machinations come to naught --Milton
 
PortalPortal  HomeHome  SearchSearch  Latest imagesLatest images  RegisterRegister  Log in  GalleryGallery  MACHINENATION.org  

 

 Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom

Go down 
Go to page : 1, 2  Next
AuthorMessage
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 1:48 am



A Pheadair, a Aspail, a bhfaca tú mo Ghrá geal?
Ochón agus ochón ó!
Do chonaic mé ar ball é i lár a namhad
Ochón agus ochón ó!
Gabhaigí 'leith, a dhá Mhuire, go gcaoine sibh mo Ghrá liom
Ochón agus ochón ó!
Céard tá le caoineadh 'gainn muna gcaoinimid a chnámha
Ochón agus ochón ó!

Cé hé an fear breá sin ar Chrann na Páise?
Ochón agus ochón ó!
An é nach n-aithnír do Mhac, a Mháthair?
Ochón agus ochón ó!
An é sin an Maicín a d'iompair mé trí ráithe?
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n é sin an Maicín a rugadh sa stábla?
Ochón agus ochón ó!

Nó an é sin an Maicín a hoileadh in ucht Mháire?
Ochón agus ochón ó!
Éist a Mháthair is ná bí cráite
Ochón agus ochón ó!
'S an é sin an casúr a bhuail Tríot na tairní
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n í sin an tsleá a chuaigh trí Do lár geal
Ochón agus ochón ó!



A boatman falls for Sadhbh (Ní Mhuinghile) from Inis Gé, off the Mayo coast, and attempts to entice her to marry him.

Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla
ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choinníní.

Curfá
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla,
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.

Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh
Fear sluaisid' is láí ar dhá cheann an iomaire.

Máistir báid mhóir mé a' gabháil ród na Gaillimhe
D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige.

Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad,
Nuair a fhaigheann siad an chóir 'sé is dóichí nach bhfanann siad.

Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh
Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnealla.

Níl falach i gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnealla,
Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille.

Nuair a théimse 'un an chomhra ag comhaireamh an airgid
Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm.

Nuair a thiocfas lá breá 'gus an ghaoth ón bhfarraige
Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe.

Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla,
A chuisle is a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!

I would ask no dowry for Sadhbh Ní Bhruinnealla, but the village of Inis Gé and a permit to steal up on rabbits.

Óra, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinnealla, My heart's beloved, elope and leave with me.

I'm a good boatman, a fine oarsman, skillful with shovel or loy on either end of the ridge.

I'm the master of a large sail boat (hooker) on the way to Galway, I'd wet nine sods of turf but would not take any water in.

The master of a hooker I'd never accept, when the wind is favourable they are not inclined to stay.

I'd swear nine times on Barrett's book that I'd never part with Sadhbh Ní Bhruinnealla.

Sadhbh is not wearing a stitch on her body, except an old brown coat without bodice or sleeve.

When I go to the chest to count the money, the daughter and her mother are overcome with fondness for me.

When a fine day comes and the wind is from the sea, I'll take Sadhbh with me to the pier in Galway.

Óra, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinnealla, my heart's beloved, you would do right well to have me!
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 1:54 am

Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 1:54 am

Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 1:58 am



Agus ansin tá mundy, cac in aon teanga.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 2:02 am



Níl aon phort dár chuala mé ar phíoba There was never a piping tune
Tháinig mé i méadaíocht an linbh That I heard since I was knee high
Nach raibh liom ar bharr mó mhéar But I'd play it there and then
Steach i sliabh is ag dul ina bhaile Going home and up the mountain




Curfá: Chorus:
Níl sé ina lá níl go fóill It's not the dawn of day at all
Níl sé ina oíche ná baol ar mhaidin It's not the night, nor nearly morning
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill It's not the dawn of day at all
Ná anois ar ball a d'éirigh an ghealach It's only now the moon is rising




Seo na gloiní, seo na mugaí Here's the mugs and here's the glasses
Seo an áit a bhfuil an leann ann Here's the place we keep the porter
Is mura bhfuil an t-airgead in do phócaí And if you haven't got the brass
Buail an bóthar is gabh ina bhaile You can turn and head for home now




Chuir mé féin mo lámh in mo phóca Into my pocket I reached a hand
Is d'iarr mé briseadh coróin mhairbh And I asked for change of silver
Is é dúirt sí liomsa, "Suí síos go fóill Says she to me, "Let you sit down
Is gheobhaidh tú an cárta agus an galún" You'll have a quart and then a gallon"




Éirigh i do shuí, a fhir an tí Rise out of bed, man of the house
Cuir ort do bhríste agus do hata Clap on your hat, pull on your trousers
Go gcoinneoidh tú ceol leis an fhear chóir You'll keep a decent man in chat
A bheas ag ól anseo go maidin For he'll be drinking here 'til morning




(Curfá) (Chorus)




Ná héirigh i do shuí a fhir an tí Stay where you are, man of the house
Ná cuir ort do bhríste ná do hata Leave off your hat and leave your trousers
Ná diabhal deoir a théid in do scóig You won't wet your thrap tonight
Ná ní bheidh mise ag ól anseo go maidin I won't be drinking here 'til morning




Tá na caoirigh in sna mínte All my sheep are gone astray
Is tá na huain ag ól an bhainne And the lambs still drink their milk now
Tá mo bhean ar fud na tíre My own wife, she walks the roads
Is nach mithid dom éirí is dhul ina bhaile It's time that I was turning homewards




(Curfá) (Chorus)




Nach mór an croí a fuair Éamonn Creepy Eddie Creepy found the courage
Síneadh síos le Siubhán Bhacaí To lie down with the wee lame Susie
D'éirigh Cathal as an ghríosaí Charlie riz up from the cinders
Is bhí sé ar iarraidh as sin go maidin And went missing until morning




Ar chuala sibhse maigh na Maolann? Did you hear of the famous Moiley?
Ná mar a chríochnaíonn sí a cuid bainne How they finished off her milking
Ochtar dragún gasúr cíocrach Eight young dragons of hungry wains
Bunadh an tí is péire cailleach One houseful and two hags now




(Curfá) (Chorus)




Chuir mé féin mo mhaol chun aonaigh I took me Moiley cow to the fair
D'imigh an t-aonach agus an t-eallach The fair and cattle are all gone now
Tiocfaidh cailleach - cailleachaí an tí My old women aren't gone
Caillfear an dís is a gcuid leanbh They'll both die and all their children




(Curfá) (Chorus)




Dá gcasfaí orm cailín i dtom If I met a girl in the bushes
Chuirfinn a cloigeann síos le malaí I would lay her head down easy
Chuirfinn taca leana droim I would take her there and then
Agus bheinn ag súgradh léi go maidin And we'd be sporting until morning
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 2:08 am

Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 3:48 am

Go h-iontach. Maith thú.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 3:08 pm



Caitlín Maude, ar láimh Dheis dé.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 3:21 pm

Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 3:43 pm



This has to be my favourite song, though it's not sung by my favourite singer. I'm not sure if it's the tune or the content or both. It's about a woman who loses her truelove then contemplates her own death.

Dhá mbeinn trí léig i bhfarraige- If i was, through fault, out at sea,
Nó ar sléibhte i bhfad ó thír- or on hills far awat from home
Is gan aon neach beo 'bheith i mo ghaobhar ann- is nothing living near to me,
Ach an raithneach glas is fraoch- but the green fern is heather
An sneachta dhá shéideadh anuas orm- and the snow been blown heavy upon me
'S an ghaoth dhá fhuadach dhíom- and the wind going through me
'S mé a bheith 'comhrá le mo Teaimín Bán- yet speaking with my Teaimín Bán,
Níorbh fhada liomsa an oích'. the night would not seem long to me.

'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé,- O Blessed Mary, what will I do.
Tá an geimhreadh seo 'teacht fuar- This winter's is getting cold,
'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé,- O Blessed mary what will I do
Leis an teach seo 's a bhfuil ann.- With this house and those therein
Nach óg, a stór, a d'imigh tú- Weren't you young, my love, when you left.
Le linn na huaire breá'- During the best of times,
Nuair a thosaíonns an chuach ag seinm cheoil,- When the cuckoo begins to play music
Is gach duilliúr glas ag fás.- And every green foliage is growing.

'S dhá mbeadh mo chlann sa mbaile agam- If my family were at home with me,
An oíche a bhfaighinnse bás,- The night that I would die,
Óra, thórróidís go fiúntach mé- They'd wake me worthily
Trí oíche agus trí lá;- For three nights and three days
Bheadh na píopaí geala cailce orm- They would have bright chalk pipes because of me
Na ceaigeannaí is iad lán,- The kegs they would be full
'S thabharfadh Páraic Mór go Maínis mé- And Páraic would bring me to Maínis
Nó is garbh a bheadh a' lá.- Or the day it would be rough.

Óra, gearraigí amach mo chónra dhom- Ó Carve out my coffin
As fíorscoth gheal na gclár,- From the best and brightest of boards
Má tá Seán Ó hEidhin i Maínis- If seán Ó hEidhin is in Maínis
Bíodh sí déanta óna dhá láimh.- Let him do it with his two hands
Bíodh a' clóca 's a' ribín inti,- Let there be cloak and ribbons
Is iad go ródheas ar mo cheann.- sitting beautifully on my head
's go bhfuil triúr ban óg ó shléibhte- And three young women from the mountains
Le mé a chaoineadh os cionn cláir.- to keen my, and I lying in state.

Ar dhul thar Inse Ghainimh dhaoibh- As they go past Inise Ghainimh,
Bíodh a' bratach ar a' gcrann,- Let there be a flag on the Trees,
Ach ná tugaigí go Leitir Caladh mé- But do not bring me to Leitir Caladh
Mar ní ann atá mo dhream,- Because my people don't live there.
Ach tugaigí siar go Maínis mé- But bring me west to Maínis
An áit a gcaoinfear mé go hard,- Where I'll be keened loudly
Beidh soilse ar na dumhchannaí- There will be lights upon the sandmounds
Is ní bheidh uaigneas orm ann.- And I'll not be lonely there.

It reminds me of cré na cille though.

Más mian leat breathnú ar an scannán sin, téigh go www.tg4.tv, tá sé faoi dhráma.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 4:12 pm

Crying or Very sad
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 4:33 pm

ón rogha (an-dheas seo - go raibh maith agat a Riadach) is fearr liom an amhán ó Liam O Maonlaí.

Is breá liom Mo Ghile Mear (agus tá an comhcheol go hálainn) ach ní maith liom Mary Black - tá guth an-ghéar aici uaireanta. Tá gló i bhfad níos binne ag Iarla O Lionaird.

Taitníonn an amhrán seo thíos go mór liom... (goosebumps)
https://www.youtube.com/watch?v=leG3XiZmuXc
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 4:40 pm

Kate P wrote:
ón rogha (an-dheas seo - go raibh maith agat a Riadach) is fearr liom an amhán ó Liam O Maonlaí.

Is breá liom Mo Ghile Mear (agus tá an comhcheol go hálainn) ach ní maith liom Mary Black - tá guth an-ghéar aici uaireanta. Tá gló i bhfad níos binne ag Iarla O Lionaird.

Taitníonn an amhrán seo thíos go mór liom... (goosebumps)
[url=https://www.youtube.com/watch?v=leG3XiZmuXc
https://www.youtube.com/watch?v=leG3XiZmuXc [/quote[/url]]

Nó ní thugann sí ornáidíocht an tsean-nóis léi dar liom, ní hoireann a cuid amhránaíocht don saghas amhráin seo. Is maith liom Iarla chomh maith. Bhí baint aige leis an afro-celt sound system tráth. Níl a sharú le fáil ó thaobh amhránaithe fir ar an sean-nós.

Maidir leis an t-amhrán atá ag liam, níl mórán fiúntais ann ó thaobh na liricí de. Is í an rithim is an ceol a thugann a bheocht di. Is mór an buille í sinm, ina gcoinne siúd a cheapann gur féidir a fiúntas amhráin nó dáin a mheas san aistriúchán.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 4:52 pm

Bionn clár raidio ar siúl gach Satharn ag a hocht a chlog nó mar sin le Phillip King darb ainm The South Wind Blows. Chuala mé Iarla ar an seó sin don chéad uair. Tá glór saibhir, beagnach spioradálta aige. Ní feidir liom é a chloisint gan goosebumps.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 4:56 pm

Kate P wrote:
Bionn clár raidio ar siúl gach Satharn ag a hocht a chlog nó mar sin le Phillip King darb ainm The South Wind Blows. Chuala mé Iarla ar an seó sin don chéad uair. Tá glór saibhir, beagnach spioradálta aige. Ní feidir liom é a chloisint gan goosebumps.

Tá dord aige a chuirfeadh píob uilleann i gcuimhne duit. Is iontach an ceard é. Is fearr liom mná ná fir, de ghnáth, ag canadh ar an sean-nós. Tá binneas acu, ná bíonn ag na fir de ghnáth. Ach, ní fearr amhránaí, ná Iarla.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 5:01 pm

An amhrán traidisiúnta í seo? Nach bhfuil sí go hiontach?

https://www.youtube.com/watch?v=xDKmcJjQa6A
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 5:09 pm

Déarfáinn féin gurb ea, ach nílim cinnte faoin cóiríocht.

Is iad seo a liricí.

Aisling gheal do shlad trím néal mé
Is go rabhas-sa tréithlag seal im luí
Is go rabhas i ngleann cois abhann im aonar,
Is go rabhas ag aeraíocht le grá mo chroí.
Go raibh na camthaí Gall agus Gaelach
Is claimhte géara ag uaisle an tsaol,
Ag breith barr áidh is á rá le chéile
Go raibh clann an fhaoit anois le fáil gan mhoill.

Ba ghearr a shamhail dom gur dhearcas Mary,
'Gus gruaig a cinn léi go féar a' fás,
A folt a tíocht mar na réaltainn
Ag titim léise go barr a troighe,
Ag siúl na drúchta de barr an fhéir glais
'S is lúafar éadtrom mar do shiúladh sí,
A dá chíoch chruinne ar a hucht go néata,
A grua mar chaortha, is ba gheal í a píb.

Do bheannaíos-sa do mo chuid i ngaelainn
Is modhail 's maorga do fhreagair sí:
"A phlúr na bhfear, mo shlad ná deinse
Mar is maighdean mé nár tháinig d'aois
Dhá dtéadh sa ghreann dúinn clann a dhéanamh,
Is go mbéifeá séantach ins an ghníomh,
Gur gearr ón mbás mé, is go bhfágainn Éire
Im ghóist im aonar bheinn romhat id shlí."

Do leagas mo láimh uirthi go béasach
Ó bhun a stays go dtí barr a troighe,
In aghaidh gach staire go ndeinfinn léi dhi
Go bpógfainn a béilín tlath arís;
Nuair a fuaras-sa dhom gur ghéill sí
Mo chroí do léim mar an éan ar chraoibh;
Trí lár mo smaoinimh ach gur dhúisigh néal mé
Is de chumha ina disdh siúd, ní mhairfead mí.

Is léir go mbaineann sé le traidisiúin ann amhráin ón 18ú haois. Féach an mheadaracht, agus na híomhrá, agus an fhoclaíocht. Ach, is meascadh (nó athmheascadh b'fhéidir) suimiúil é idir an t-amhrán grá is an aisling pholaitiúil. Ait an rud é, ós rud é go bhfuil an dá genre seo bunaithe ar a chéile cheana. Tá sé cosúil le fuáil, scarann an tsnáith ón uige, ach filleann sí ar ais air arís is arís.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 5:23 pm






Amhránaí eile ag canadh amhrán mhaínse

Ó 1.27, ón scannán cré na cille.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 15, 2008 5:28 pm

cactus flower wrote:
Crying or Very sad
Ní maith leat iad?
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySun Mar 16, 2008 5:55 pm

mór mo náire - níor éisteas le Liam Ó Maonlaí go ceart roimh an ábhar seo... tá sé go han-mhaith ar fad ar aon nós, agus na físeaín thuas chomh maith
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySun Mar 16, 2008 5:58 pm

is dóigh liom ná fuil an nasc ag obair leis an n-ámhrán as Cré na Cille.. ach is féidir liom é a fheiceáil ar YouTube
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptyMon Mar 17, 2008 7:55 pm

Micheál Ó Domhnaill & an Bothy Band ó 1977

https://www.youtube.com/watch?v=x3UcnUqc0qk&feature=related
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySat Mar 22, 2008 8:12 pm



Gàidhlig atá i gceist anseo, má tá sé sin ceart go leor....
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySun Mar 30, 2008 7:05 pm

https://www.youtube.com/watch?v=NYwX0ER5uAI

At a concert where she was supporting a big name singer from another country (I am being kind here) we asked the soundman to stop keeping her microphone artificially low so we could get the full spinetingle.

When the star of the show appeared later, the sound man's reasons became clear enough. Dolores' voice was far superior in every way.
Back to top Go down
Guest
Guest




Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom EmptySun Mar 30, 2008 7:31 pm

Helium Three wrote:
https://www.youtube.com/watch?v=NYwX0ER5uAI

At a concert where she was supporting a big name singer from another country (I am being kind here) we asked the soundman to stop keeping her microphone artificially low so we could get the full spinetingle.

When the star of the show appeared later, the sound man's reasons became clear enough. Dolores' voice was far superior in every way.

Sin port an Ghleanna Rua :-)
Back to top Go down
Sponsored content





Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty
PostSubject: Re: Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom   Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom Empty

Back to top Go down
 
Na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge is fearr liom
Back to top 
Page 1 of 2Go to page : 1, 2  Next

Permissions in this forum:You cannot reply to topics in this forum
Machine Nation  :: Fóram na Gaeilge :: An Béal Bocht-
Jump to: