Machine Nation
Would you like to react to this message? Create an account in a few clicks or log in to continue.
Machine Nation

Irish Politics Forum - Politics Technology Economics in Ireland - A Look Under The Nation's Bonnet


Devilish machinations come to naught --Milton
 
PortalPortal  HomeHome  SearchSearch  Latest imagesLatest images  RegisterRegister  Log in  GalleryGallery  MACHINENATION.org  

 

 Gaeilge agus Éireannachas?

Go down 
AuthorMessage
Guest
Guest




Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? EmptySat Mar 15, 2008 5:01 pm

Gach uair a phléitear ceist na gaeilge is amhlaidh go dtógtar an cheist sin? Ach ní gnáth, gur muidne a chuireann an taerthó sin ann, ach tráchtann lucht na frithghaeilge air chun dímheas a tharraingt orainn. Meas sibh cén fáth? Ós rud é nach cás linn an t-éireannachas is nach luaimid é riamh, cén fath go dtagraíonn an dream seo dó? An bhfuil guagacht ann meastú? An airíonn siadsan, toisc gan an ghaeilge a bheith acu, nach bhfuilid chomh héireannach linne? An in is cúis leis an ngangaid a léiríonn siad don ghaeilge?
Back to top Go down
Guest
Guest




Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Re: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? EmptySat Mar 15, 2008 6:43 pm

Is suntasach gur é lucht na frithGhaeilge an guth is airde. Is
saineolaithe iad gan eolas na teanga acu. Pootsy mar shampla. Téann sé
lámh i lámh le frithnáisiúnachas ró-mhinic. Tá eisceachtaí ann agus dá
mbeadh seirbhís dhiaga Saor-Preipitéireach ar siúl rachain (bhuel don
chéad sheachtain ar a laghad)

Cuirtear an locht ar lucht labhartha na Gaeilge agus is furasta a
fheiceáil ó am go ham. Taistealann tú go Cill Ronán agus diúltaíonn
fear an tí agus a fhreastalaí labhairt leat trí mheán na Gaielge cé go
n-ordaíonn agus go mbeannaíonn tú i nGaeilge agus iadsan ag labhairt
Gaeilge le chéile soicind roimhe. nó glaotar Gaeilge Bhaile Átha Cliath
nó Gaeilge na Leabhar ort agus í i do bhéal ón chliabhán. Is deacair
tacaíocht a thabhairt ar a son ar thaobh deontas agus a leithéid. Nílim
ag rá gur é seo mar atá an t-am ar fad agus bíonn daoine sna
Gaeltachtaí an-sásta luí istaech leat.

Ach tugann meoin mar sin púdar do lucht na frithGhaeilge a ngunnaí a líonadh.

Ní fhaightear mórán tacaíochta ó na príomhmheáin chumarsáide ach
oiread. Le saol mar atá is féidir tuairimí roinnt mhaith daoine a
aithint ón pháipéar lá roimhe. Meon diúltach ina leith don chuid is mó.

Is dubh-olc liom a rá go bhfuil iriseoirí tablóide Gaelacha ag
teastáil uainn agus ceannlínte mar "D'ith Freddie Starr mo hamster". Is
aiféis í seo, tuigim, ach nach fearr déistin a mhothú ar léamh an scéil
duit i do theanga féin.

Ba bhreá liom iris le haoir mar leagan Viz Gaelach a cheannach ag
spochadh asainn féin.B'fhéidir nár mhaith leat cuid de na scéalta agus
go dtiocfadh fearg ort ach criticí ar féidir leat meas de chineál éigin
a bheith agat.
Back to top Go down
Guest
Guest




Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Re: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? EmptyTue Mar 18, 2008 3:06 pm

Ní thuigim Riadach, tá tú ag rá nach bhfuil aon baint idir an teanga agus naisiunachas? Nó go bhfuil nasc, ach ní muidne a luann é?

Ar leigh tú ríomh 'The Gaelic League Idea', le Seán Ó Tuama? Seo píosa uaidh:
Quote :
One might reasonably hold in fact that if the Gaeltacht goes we will have lost our last chance of continuing and developing as a distinct cultural community … one is tempted to conclude that neither the Irish state nor the Irish people are genuinely distressed by the possibility that, by the end of the century, the whole notion of an Irish nation will be beyond recall
p.101, Ó Tuama, Seán. 1972. ‘The Gaelic League Idea in the Future’ in The Gaelic League Idea, Ó Tuama, ed. Pp. 98-109.

Ar feadh tamall fada bhí an teanga bunsraith don náisiún. Níl se fós, ach tá an steiréitíopa fós ann den fíor-Ghael. Ní raibh sé lucht na frithghaeilge a cruthaithe an Gael/Gall dichotomy. Más Béarlóir thú is Gall thú, i.e. eachtrannach.

Usáideann lucht na frihGhaeilge an argóint faoi náisiunachas toisc go bhfuil sé handy; tá se chomh simplí le sin. Tá sé ag éirí soléir, áfach, nach bhfuil mórán gciall ag baint leis níos mó. Tá siad ag athrú an gearáin, ag rá anois gur lobby group iad na Gaeilgeoirí, ag iarradh postanna san AE srl. An gcuimhníonn tú pauriceenjack agus an tuarim a bhí aige gurb iad na muinteoirí na daoine a bhí ag cosaint gaeilge mar ábhar éigeantach? Dár leis, is iadsan na t-aon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge dá phaistí.
Back to top Go down
Guest
Guest




Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Re: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? EmptyTue Apr 15, 2008 9:56 pm

Is ionann labhairt na Gaeilge agus a bheith i do Ghael ach ní hionann a bheith Éireannach agus a bheith i do Ghael .Is mionlach Éireannach muid.
Back to top Go down
Guest
Guest




Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Re: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? EmptyTue Apr 15, 2008 11:28 pm

anmajornarthainig2 wrote:
Is ionann labhairt na Gaeilge agus a bheith i do Ghael ach ní hionann a bheith Éireannach agus a bheith i do Ghael .Is mionlach Éireannach muid.
Cách, i mo dtuarimse. Chruthaigh siad an 'Ghael' timpeall cead bliain ó shin, mar phairt den náisiúnachas cultúrtha. Bhí an Ghael saghas 'fíor Éireannach', ar nós an Aryan sa Ghearmáin.
Back to top Go down
Guest
Guest




Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Re: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? EmptyTue Apr 15, 2008 11:39 pm

905 wrote:
anmajornarthainig2 wrote:
Is ionann labhairt na Gaeilge agus a bheith i do Ghael ach ní hionann a bheith Éireannach agus a bheith i do Ghael .Is mionlach Éireannach muid.
Cách, i mo dtuarimse. Chruthaigh siad an 'Ghael' timpeall cead bliain ó shin, mar phairt den náisiúnachas cultúrtha. Bhí an Ghael saghas 'fíor Éireannach', ar nós an Aryan sa Ghearmáin.

Nach n-athraíonn meon an duine i leith féiniúlachta le caitheamh glúnta in aon tír. Is d'Éirú / d'Éireann mé agus labhraím an Ghaeilge(i láthair na huaire Laughing )
Back to top Go down
Guest
Guest




Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Re: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? EmptyThu Apr 17, 2008 10:33 pm

905 wrote:
anmajornarthainig2 wrote:
Is ionann labhairt na Gaeilge agus a bheith i do Ghael ach ní hionann a bheith Éireannach agus a bheith i do Ghael .Is mionlach Éireannach muid.
Cách, i mo dtuarimse. Chruthaigh siad an 'Ghael' timpeall cead bliain ó shin, mar phairt den náisiúnachas cultúrtha. Bhí an Ghael saghas 'fíor Éireannach', ar nós an Aryan sa Ghearmáin.

Ach athraíonn féiniúlacht. Cuir i gcás baisteadh mar Chaitliceach mise ach ní shamhlaíonn mé féin mar chuid de phobal Caitliceach mar a shamhlaíonn mo thuismitheoirí. An rud a dhéanann idirdhealú idir mise agus daoine eile ná teanga. Sin an rud a cheapaimse agus daoine eile. Go pearsanta mothaímse níoc cóngaraí do dhaoine a labhraíonn Gaidhlig na hAlban ar Oileán Uibhist na hAlban ná Béarlóir, Gallda as BÁC. (Níl mé ag rá go bhfuil tada mícheart nó frith-Éireannach ag baint lena leithéid). Mothaím níos cóngaraí do dhaoine a tógadh le Gaeilge i gcéin ná Béarlóirí anseo, go minic.
Back to top Go down
Sponsored content





Gaeilge agus Éireannachas? Empty
PostSubject: Re: Gaeilge agus Éireannachas?   Gaeilge agus Éireannachas? Empty

Back to top Go down
 
Gaeilge agus Éireannachas?
Back to top 
Page 1 of 1
 Similar topics
-
» Picture practice
» Crowdfinders- as Gaeilge.
» An Cairt As Gaeilge

Permissions in this forum:You cannot reply to topics in this forum
Machine Nation  :: Fóram na Gaeilge :: Agallamh na Seanórach-
Jump to: